Polasaí Fianán

Beartas Fianán le haghaidh Shuíomh Gréasáin Chomhairliúchán Poiblí Luas Chorcaí

 

Fianáin

Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is píosa beag téacs é fianán a stóráiltear ar do ríomhaire nó ar ghléas eile, ar iarratas ónár bhfreastalaí, chun an gléas agus an brabhsálaí a shainaithint go huathúil nó chun faisnéis nó socruithe a stóráil i mbrabhsálaí. Cabhraíonn fianáin le hidirdhealú a dhéanamh idir tusa agus cuairteoirí eile ar an suíomh gréasáin agus d’eispéireas a phearsantú.

Tá liosta thíos de na fianáin a úsáidtear ar an suíomh gréasáin seo. Tá roinnt fianán curtha ann ag seirbhísí Tríú Páirtí a fheictear ar ár leathanaigh.

Tá saorchead agat i gcónaí do shocruithe fianán a athrú ar an suíomh gréasáin seo ach cliceáil ar an nasc níos faide thíos ‘Athraigh do Thoiliú’.

Is féidir leat comhaid fianán a scriosadh ó do ríomhaire más mian leat, nó iarraidh ar do bhrabhsálaí insint duit nuair atá fianán á sheoladh, agus is féidir leat bac a chur ar fhianáin ach an socrú ar do bhrabhsálaí a ligeann duit diúltú do sheoladh roinnt fianán nó gach fianán a chur i ngníomh. Má shocraíonn tú do bhrabhsálaí chun bac a chur ar gach fianán (lena n-áirítear fianáin riachtanacha), áfach, seans nach n-oibreoidh codanna den suíomh gréasáin seo i gceart duit, nó nach n-oibreoidh siad ar chor ar bith. Má iarrann tú fógra a fháil gach uair a sheoltar fianán, d’fhéadfadh sin tionchar a imirt ar cé chomh héasca a bheidh sé an suíomh gréasáin seo a úsáid. Cliceáil ar an roghchlár ‘Cabhair’ ar do bhrabhsálaí lena fhoghlaim cén chaoi le do roghanna fianán a bhainistiú. Nó, de rogha air sin, is féidir leat cuairt a thabhairt ar www.allaboutcookies.org nó www.youronlinechoices.eu chun faisnéis chuimsitheach a fháil faoin gcaoi le fianáin a bhainistiú.

Is é cuspóir an bheartais seo faisnéis a chur ar fáil duit faoin úsáid a bhaintear as fianáin ar an suíomh gréasáin https://consult.tii.ie/luas-cork agus faoi na sonraí a bhailítear fút leis na fianáin sin.

Déanann an beartas seo cur síos sonrach ar an gcaoi a mbainimidne agus ár gcomhpháirtithe úsáid as fianáin agus na roghanna atá agat chun iad a rialú.

Cén fáth a n-úsáidimid Fianáin?

Úsáidimid fianáin lena chinntiú go mbeidh an t-eispéireas is fearr is féidir agat ar ár suíomh gréasáin. Is téacschomhaid bheaga iad fianáin a sheoltar ó shuíomh gréasáin agus a stóráiltear i mbrabhsálaí gréasáin an úsáideora fad atá an t-úsáideoir ag brabhsáil ar shuíomh gréasáin. Nuair a thugann úsáideoirí cuairt ar an suíomh gréasáin arís, seolann an brabhsálaí fianáin ar ais chuig an suíomh gréasáin chun an t-úsáideoir a aithint agus chun cuimhneamh ar rudaí mar shampla mionsonraí nó roghanna pearsantaithe. 

Tugann fianáin faisnéis dúinn freisin faoi cé chomh minic a thugann duine cuairt ar ár suíomh gréasáin agus cén ghníomhaíocht a dhéantar ar an suíomh gréasáin i rith na gcuairteanna sin.

Tá dhá chineál fianán ann:

  • Fianáin neamhbhuana – téacschomhad simplí a shuiteálann suíomh gréasáin ar ghléas an chuairteora lena úsáid go sealadach. Cabhraíonn sé le hathruithe fíor-ama ar ghníomhaíocht úsáideora a rianú. Bíonn fianáin neamhbhuana cumasaithe de réir réamhshocraithe ag formhór na suíomhanna gréasáin ós rud é go gcabhraíonn siad le leathanaigh ghréasáin lódáil níos tapúla agus go ndéanann siad nascleanúint níos éasca don úsáideoir. Ní bhíonn fianán neamhbhuana gníomhach ach amháin i rith gach seisiúin brabhsála agus tá siad cláraithe le bheith scriosta go huathoibríoch ag deireadh gach seisiúin brabhsála nuair a imíonn an t-úsáideoir as an mbrabhsálaí gréasáin.
  • Fianáin sheasmhacha – fianáin a stóráiltear ar ghléas úsáideora chun faisnéis a choimeád faoi úsáid, socruithe, roghanna pearsantaithe, nó dintiúir chun síniú isteach. Is é an príomhchuspóir atá ag fianáin sheasmhacha ná eispéireas brabhsála tumthach agus réidh a thabhairt d’úsáideoirí trí fhaisnéis a bheadh curtha ar fáil ag an úsáideoir cheana féin a líonadh isteach go huathoibríoch.

Tá dáta as feidhm sonrach ag gach fianán seasmhach a shannann an freastalaí gréasáin dó. Tá an dáta as feidhm cabhrach mar tugann sé deis d’úsáideoirí eispéireas brabhsála réidh a bheith acu fiú amháin tar éis dóibh an fhuinneog bhrabhsála a dhúnadh agus a athoscailt. Déantar Stóráil Áitiúil HTML a stóráil go seasmhach agus bíonn sí ar fáil fiú tar éis don úsáideoir an brabhsálaí a dhúnadh nó a ghléas a atosú. Féadfaidh úsáideoirí an taisce ar a ngléasanna a ghlanadh chun aon Stóráil Áitiúil HTML a scriosadh.

Is iad seo a leanas catagóirí na bhfianán a úsáidtear ar an suíomh gréasáin seo:

  • Fianáin riachtanacha – cabhraíonn siad leis an suíomh gréasáin a dhéanamh inúsáidte trí bhunfheidhmeanna a chumasú. Ní féidir leis an suíomh gréasáin feidhmiú i gceart gan na fianáin seo. De réir an dlí, is féidir linn fianáin a stóráil ar do ghléas má tá siad fíor-riachtanach chun an suíomh gréasáin seo a oibriú, agus dá bharr sin, ní gá toiliú a fháil. Is gá toiliú a fháil i gcás gach catagóire eile fianáin. Is fianáin sheasmhacha iad na fianáin seo.

 

  • Fianáin sainrogha - cuireann siad ar chumas do shuíomh gréasáin cuimhneamh ar fhaisnéis a athraíonn an chaoi a n-oibríonn suíomh gréasáin nó an chuma atá air, mar shampla do rogha teanga nó an réigiún ina bhfuil tú.

 

  • Fianáin mhargaíochta – cabhraíonn siad le cuairteoirí a rianú ar shuíomhanna gréasáin éagsúla. Is é atá mar aidhm leo go dtaispeánfaidh fógróirí tríú páirtí fógraí atá ábhartha agus spéisiúil don úsáideoir ar leith. Is fianáin sheasmhacha iad na fianáin seo. 

 

  • Fianáin staitistiúla – cabhraíonn siad linn tuiscint a fháil ar an gcaoi n-idirghníomhaíonn úsáideoirí lenár suíomh gréasáin trí fhaisnéis gan ainm a bhailiú agus a thuairisciú. Is fianáin sheasmhacha iad na fianáin seo.

 

Do Shocruithe Fianáin

Foghlaim tuilleadh faoin gcaoi a ndéanaimid sonraí pearsanta a phróiseáil ach teagmháil a dhéanamh linn – féach na sonraí teagmhála thíos. Is féidir leat Fógra Príobháideachta Luas Chorcaí a léamh anseo freisin. 

Má tá aon cheist agat faoin úsáid a bhainimid as do shonraí pearsanta le fianáin, déan teagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí BIÉ leis na mionsonraí teagmhála thíos. 

  • tríd an bpost: Oifigeach Cosanta Sonraí, Bonneagar Iompair Éireann, Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8, D08 DK10
  • ar an nguthán: +353 1 646 3600
  • ar ríomhphost: dataprotection@tii.ie

 

 

Uair dheireanach a tugadh cothrom le dáta: 9 Aibreán 2026