Polasaí Príobháideachais
Tá gach ábhar I nGaeilge ar an suíomh seo aistrithe ag TII ar mhaithe le háisiúlacht amháin, agus i gcás coimhlinte, tá an leagan Béarla i réim.
Polasaí Príobháideachais
Príobháideachas
Réamhrá
Tá meas againn ag TII ar do cheart chun príobháideachais agus cloímid lenár n-oibleagáidí faoi na dlíthe cosanta sonraí is infheidhme. Is é cuspóir Ráiteas Príobháideachais an tSuímh Gréasáin seo a leagan amach conas a dhéileálaimid le haon sonraí pearsanta a sholáthraíonn tú dúinn agus tú ag tabhairt cuairte ar an suíomh gréasáin seo.
Tá aon naisc sheachtracha chuig suíomhanna gréasáin eile inaitheanta go soiléir mar naisc den chineál sin, cuirtear ar fáil iad chun críocha faisnéise amháin agus nílimid freagrach as ábhar, cruinneas ná ráitis phríobháideachais na suíomhanna gréasáin eile sin.
Maidir Linne
Bunaíodh TII i ndiaidh chumasc reachtúil an Údaráis um Bóithre Náisiúnta agus na Gníomhaireachta um Fháil Iarnróid faoin Acht Bóithre 2015. Is é ár bpríomhsheoladh ná Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8, D08 DK10, Éire.
Is é TII rialaitheoir na sonraí pearsanta a bhailítear tríd an suíomh gréasáin seo. Má tá aon cheist agat faoin úsáid a bhainimid as do shonraí pearsanta, déan teagmháil linn ag info@luascork.ie, nó déan teagmháil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí:
A. O’Shaughnessy,
Bonneagar Iompair Éireann,
Ionad Gnó Gheata na Páirce,
Sráid Gheata na Páirce,
Baile Átha Cliath 8,
D08 DK10.
Teil:+353 1 646 3600
Ríomhphost:dataprotection@tii.ie (Nasc seachtrach)
Na cuspóirí a bhfuil d’fhaisnéis á coinneáil againn ina leith
Bailímid an fhaisnéis seo a leanas fút tríd an suíomh gréasáin seo:
Faisnéis a sholáthraíonn tú dúinn
Bailíonn TII sonraí pearsanta a bhaineann leis na hAighneachtaí a dhéantar tríd an suíomh i ndáil leis an mBealach is Fearr atá ag Teacht Chun Cinn de chuid Luas Chorcaí. Ní bhailítear sonraí den sórt sin uait ach amháin má chomhlánaíonn tú go deonach an fhoirm aighneachta Chomhairliúcháin Phoiblí maidir leis an mBealach is Fearr atá ag Teacht Chun Cinn de chuid Luas Chorcaí ar an suíomh seo.
Úsáidfear an fhaisnéis seo mar chuid den phróiseas Comhairliúcháin Phoiblí Reachtúil do Thionscadal Luas Chorcaí. Tá d’ainm ag teastáil mar chuid den aighneacht seo agus féadfar é a fhoilsiú mar chuid den phróiseas Comhairliúcháin freisin.
Úsáidfear do sheoladh ríomhphoist freisin chun nuashonruithe a chur ar fáil duit faoin Tionscadal má thoilíonn tú leis sin agus an fhoirm á comhlánú agat.
Faightear do sheoladh ríomhphoist freisin nuair a dhéanann tú teagmháil le TII trí úsáid a bhaint as aon cheann de na seoltaí teagmhála ríomhphoist atá ar an suíomh gréasáin seo. Déantar é sin chun go mbeidh TII in ann freagra a thabhairt ar d’fhiosrúchán.
Sonraí a bhailítear go huathoibríoch Féadfaimid faisnéis staitistiúil agus faisnéis anailíseach eile a bhailiú a bhailítear ar bhonn comhiomlán i ndáil le cuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Áirítear leis seo faisnéis dhéimeagrafach maidir le, mar shampla, seoltaí IP úsáideoirí, cineálacha brabhsálaithe agus sonraí staitistiúla gan ainm eile a bhaineann le húsáid ár suíomh gréasáin. Chun eolas a fháil faoi na fianáin a úsáidimid chun cuid den fhaisnéis seo a bhailiú, féach ar ár mbeartas fianán.
Na cuspóirí a bhfuil d’fhaisnéis á coinneáil againn ina leith
Faisnéis a sholáthraíonn tú dúinn
Próiseálfaimid aon sonraí pearsanta a sholáthraíonn tú dúinn chun na gcríoch seo a leanas:
- chun nuashonruithe a sheoladh chugat maidir leis an Tionscadal nuair a dhéantar athrú trí ríomhphost;
- chun aiseolas a fháil ar an suíomh gréasáin agus chun freagra a thabhairt ar d’aiseolas;
- chun freagra a thabhairt ar cheisteanna a fhaightear trí sheoltaí ríomhphoist teagmhála nó trí fhoirmeacha aiseolais atá ar an suíomh gréasáin seo; agus
Sonraí a bhailítear go huathoibríoch
Úsáidimid na sonraí a bhailítear go huathoibríoch ó chuairteoirí ar ár suíomh gréasáin i bhfoirm chomhiomlán chun tuiscint níos fearr a fháil maidir le cá as ár gcuairteoirí agus chun cabhrú linn ár suíomh gréasáin a dhearadh agus a eagrú ar bhealach níos fearr.
Bunús le haghaidh Próiseála
Is é an bunús dlíthiúil atá againn chun an fhaisnéis seo a bhailiú agus a úsáid ná go bhfuil an phróiseáil sin riachtanach dúinn chun ár n-oibleagáidí dlíthiúla agus rialála a chomhlíonadh agus chun ár gcúraimí a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail agus/nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá tugtha dúinn. I gcúinsí teoranta áirithe, d’fhéadfadh sé go ndéanfaimis próiseáil ar do chuid sonraí pearsanta bunaithe ar do thoiliú – i gcás ina mbeidh sé seo amhlaidh, iarrfar ort an toiliú sin a thabhairt go dearfach.
Nochtadh Faisnéise do Thríú Páirtithe
Féadfaimid do shonraí pearsanta a nochtadh d’eagraíochtaí eile i ndáil leis na críocha thuas, sna himthosca seo a leanas:
- Féadfaimid sonraí pearsanta a roinnt le soláthraithe seirbhíse agus le fochonraitheoirí a chabhraíonn linn le hoibriú gnéithe dár seirbhísí agus dár bhfeidhmeanna, amhail soláthraithe seirbhíse seachfhoinsithe, soláthraithe seirbhísí TF, comhairleoirí gairmiúla agus iniúchóirí.
- Má sheolann tú trácht, gearán nó fiosrúchán chugainn i ndáil le hábhar nach bhfuilimid freagrach as, iarrfaimid cead ort do chumarsáid a chur ar aghaidh chuig an tríú páirtí ábhartha.
- I gcás ina bhfuil dualgas orainn sonraí pearsanta a nochtadh nó a roinnt chun aon oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh, nó chun cearta, maoin nó sábháilteacht TII, ár gcustaiméirí, nó daoine eile a chosaint.
- I gcás ina gceadaítear dúinn ar shlí eile de réir an dlí.
Aistrithe Thar Lear
I dtaca leis an méid thuas, féadfaidh TII do shonraí pearsanta a aistriú lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, lena n-áirítear chuig dlínse nach n-aithníonn an Coimisiún Eorpach mar dhlínse a sholáthraíonn leibhéal coibhéiseach cosanta do shonraí pearsanta agus atá foráilte san Aontas Eorpach. Má dhéanann TII amhlaidh agus a mhéid a dhéanann sé amhlaidh, cinnteoidh TII go mbeidh bearta iomchuí i bhfeidhm chun a chuid oibleagáidí faoin dlí is infheidhme lena rialaítear aistrithe den sórt sin a chomhlíonadh, lena n-áirítear conradh a dhéanamh lena rialaítear an t-aistriú ina bhfuil na ‘clásail chonarthacha caighdeánacha’ atá ceadaithe chun na críche seo ag an gCoimisiún Eorpach agus/nó oibleagáidí/socruithe aistrithe eile de réir mar a shonróidh an Coimisiún. Tá tuilleadh sonraí faoi na bearta atá déanta ag TII ina leith seo ar fáil ón Oifigeach Cosanta Sonraí de chuid TII ach úsáid a bhaint as na sonraí teagmhála thíos.
Slándáil
Coinnítear do shonraí pearsanta ar fhreastalaithe slána atá á óstáil ag ár soláthraí seirbhíse Granicus. Féadfaidh TII do shonraí pearsanta a stóráil ar a chórais freisin. Is é nádúr an Idirlín nach féidir linn slándáil aon fhaisnéise a tharchuireann tú chugainn tríd an Idirlíon a ráthú ná a bharántú. Ní féidir a ráthú go bhfuil aon tarchur sonraí thar an Idirlíon 100% slán. Mar sin féin, déanfaimid gach céim réasúnta (lena n-áirítear bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí) chun do shonraí pearsanta a chosaint.
Athstruchtúrú Eagraíochtúil
Forchoimeádaimid an ceart faisnéis (lena n-áirítear do shonraí pearsanta) a aistriú i gcás athstruchtúrú ár n-eagraíochta chuig tríú páirtí a ghlacann feidhmeanna ár n-eagraíochta ar láimh, ar choinníoll go bhfuil polasaí príobháideachais coibhéiseach i bhfeidhm ag an tríú páirtí.
Sonraí Pearsanta a Nuashonrú, a Fhíorú agus a Scriosadh
Is féidir le húsáideoirí a gclárú a chealú ar shuíomh Comhairliúcháin Phoiblí de chuid Luas Chorcaí tráth ar bith trí ríomhphost a sheoladh chuig info@luascork.ie (Nasc seachtrach) agus “Cealaigh mo Chlárú” a lua.
Féadfaidh tú athruithe nó míchruinneas i do shonraí pearsanta a chur in iúl dúinn freisin trí ríomhphost a sheoladh chuig info@luascork.ie (Nasc seachtrach) nó trí theagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Cosanta Sonraí:
A. O’Shaughnessy,
Bonneagar Iompair Éireann,
Ionad Gnó Gheata na Páirce,
Sráid Gheata na Páirce,
Baile Átha Cliath 8,
D08 DK10.
Teil:+353 1 646 3600
Ríomhphost: dataprotection@tii.ie (Nasc seachtrach)
Coinneáil
Ní choinneoimid do shonraí pearsanta ach chomh fada agus is gá chun na cuspóirí lenar mbailíomar iad a chomhlíonadh, lena n-áirítear chun críocha aon cheanglais dhlíthiúla, chuntasaíochta nó tuairiscithe a chomhlíonadh.
Chun an tréimhse choinneála chuí le haghaidh sonraí pearsanta a chinneadh, breithnímid méid, cineál agus íogaireacht na sonraí pearsanta, an riosca féideartha díobhála ó úsáid nó nochtadh neamhúdaraithe do shonraí pearsanta, na cuspóirí a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta chucu agus cibé an féidir linn na cuspóirí sin a bhaint amach trí mhodhanna eile, agus na ceanglais dhlíthiúla is infheidhme.
Do Chearta
Tá na cearta seo a leanas agat, i gcúinsí áirithe, maidir le do shonraí pearsanta:
- an ceart rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta;
- an ceart iarraidh go ndéanfaí do shonraí pearsanta a cheartú agus/nó a scriosadh;
- an ceart úsáid do shonraí pearsanta a shrianadh;
- an ceart agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta;
- an ceart do shonraí pearsanta, rudaí a chuir tú ar fáil dúinn, a fháil i bhformáid struchtúrtha, a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín nó a cheangal orainn na sonraí sin a tharchur chuig rialaitheoir sonraí eile;
- i gcás ina bhfuil ár bpróiseáil ar do shonraí pearsanta bunaithe ar thoiliú a bheith tugtha agat, an ceart do thoiliú maidir leis an bpróiseáil a tharraingt siar tráth ar bith.
Chun aon cheann de na cearta atá leagtha amach thuas a fheidhmiú, déan teagmháil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí:
A. O’Shaughnessy,
Bonneagar Iompair Éireann,
Ionad Gnó Gheata na Páirce,
Sráid Gheata na Páirce,
Baile Átha Cliath 8,
D08 DK10.
Teil:+353 1 646 3600
Ríomhphost:dataprotection@tii.ie (Nasc seachtrach)
Gearáin
Mura bhfuil tú sásta leis an gcaoi ar úsáideadh do chuid faisnéise nó ar thugamar aghaidh ar do chearta, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí trí ríomhphost a sheoladh chuig info@dataprotection.ie (Nasc seachtrach).
Ráiteas Ginearálta
Tá meas iomlán ag TII ar do cheart chun príobháideachais, agus próiseálfaidh sé aon sonraí pearsanta a bhailímid i ndáil leat i gcomhréir leis an dlí cosanta sonraí is infheidhme.