luas-chorcai

Indicative view of Washington Street

Is é atá i gceist le Luas Chorcaí ná líne iarnróid éadroim atá molta a rithfidh ó Bhaile an Chollaigh go hIonad Siopadóireachta Mahon Point, ag nascadh pobail agus cinn scríbe thábhachtacha amhail Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, lár na cathrach, Stáisiún an Cheanntaigh, Ceantar na nDugaí, Páirc Uí Chaoimh, an Dúcharraig agus Machain.

Tá sé réamh-mheasta go bhfásfaidh daonra Chorcaí faoi 50 faoin gcéad thar na 20 bliain atá romhainn. Tá Luas Chorcaí bunriachtanach le haghaidh fás inbhuanaithe a éascú. Laghdófar trácht agus astaíochtaí carbóin leis, cuirfear deiseanna tithíochta ar fáil agus méadófar poist agus cruthófar cathair phléisiúrtha, insiúlta ina mbeidh daoine in ann cur fúthu.

Tá an Bealach Roghnaithe á fhoilsiú againn anois le haghaidh comhairliúcháin a bheidh oscailte go dtí 5.30in, Dé hAoine, an 12 Meitheamh. Is féidir leat gach eolas a fháil faoin mbealach ar www.luascork.ie nó an bróisiúr a íoslódáil ón rannán doiciméid thábhachtacha. Déan d’aighneacht anseo nó má tá roinnt doiciméad le cur isteach agat, cuir ríomhphost chugainn ag info@luascork.ie

Foilseofar gach aighneacht, ainmneacha in a measc, nuair a bheidh an comhairliúchán dúnta ach coinneofar seoltaí agus sonraí teagmhála faoi rún.

Comhairliúchán Poiblí maidir leis an mBealach Roghnaithe do Luas Chorcaí

  • Fáilte go dtí an comhairliúchán poiblí maidir leis an mBealach Roghnaithe do Luas Chorcaí. Má theastaíonn uait páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo, ní mór duit clárú nó ní bheidh cead agat aighneacht a dhéanamh. Nuair a bheidh tú cláraithe, beidh tú in ann do chuntas a úsáid chun páirt a ghlacadh i ngach comhairliúchán poiblí ar líne a chuireann Bonneagar Iompair Éireann ar siúl.  

    Tabhair faoi deara le do thoil go bhfoilseofar gach aighneacht. 

    Má tá tuilleadh sonraí uait faoin tionscadal, is féidir leat cuairt a thabhairt ar www.luascork.ie.

    Tóg an suirbhé
Page published: 24 Apr 2026, 12:09 PM